← Tráth dá raibh bhí luchóg bheag sona ann a raibh cónaí air faoin tuath. 🔊
← Bhí teachín beag deas i bpoll faoi chrann aige. 🔊
← Bhí tuí agus olann mar leaba aige, bosca beag mar bhord agus clocha beaga mar chathaoireacha. 🔊
← Bhí uisce gléigeal ón sruthán aige agus cnónna mar mhilseog. 🔊
← Ní raibh luchóg na cathrach róshásta leis an saghas seo bia agus is ar éigean a bhlas sé de ach fós féin bhí sé ag iarraidh a bheith béasach. 🔊
← An tráthnóna sin bhuail siad amach faoin aer agus bhí siad ag caint is ag comhrá. 🔊
← Bhí an cuairteoir ag caint faoi iontais na cathrach agus gach a raibh inti. 🔊
← Ní mó ná sásta a bhí luchóg na cathrach leis an leaba tuí a bhí ann dó. 🔊
← Ach bhí an áit go deas ciúin agus d'éirigh leis codladh na hoíche a fháil. 🔊
← Chuaigh luchóg na tuaithe go teach luchóg na cathrach agus bhí gach rud díreach mar a dúradh go mbeadh. 🔊
← Bhí an teach i bpoll ar an mballa i dteach mór groí. 🔊
← Bhí gach aon saghas síoda agus stróil ar fud an tí agus bhí luchóg na tuaithe an-tógtha leis. 🔊
← Shuigh siad chun boird agus bhí flúirse cáise agus ime agus torthaí agus cnónna ann. 🔊
← Nuair a bhí siad réidh chun dul ag ithe cad a tháinig ach cat agus é ag crónán. 🔊
← Chuaigh siad ar ais go dtí an bord nuair a bhí sé imithe agus bhí siad díreach chun dul ag ithe arís ach cad a tháinig ach madra agus é ag tafann. 🔊
← Shuigh siad chun boird don tríú huair agus díreach nuair a bhí siad ar tí ithe d'oscail an doras agus tháinig scata daoine isteach. 🔊